Bram Stoker
Scríbhneoir Éireannach ab ea é Abraham Stoker, (8 Samhain, 1847 - 20 Aibreán, 1912), nó Bram Stoker, mar a thugtar air de ghnáth. Scríobh sé úrscéalta agus gearrscéalta don chuid is mó, agus is é an t-úrscéal úd Dracula an leabhar is cáiliúla dár tháinig óna pheann.
Rugadh Stoker i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1847 i gCorrán Marino i bhFionnradharc (Cluain Tarbh anois). B’iad Abraham Stoker (1799-1876) agus an feimineach Charlotte Mathilda Blake Thornely (1818-1901) a thuismitheorí. Tháing Bram sa tríú háit as seachtar clainne.
Bhí tinneas ina leannán air nuair a bhí sé óg, agus é ag coimeád na leapa an chuid ba mhó den am. Chuaigh a chéad óige go mór mór i gcion ar ar Stoker, rud a bhí le haithint ar a chuid saothair níos déanaí. Fuair sé biseach ón tinneas de réir a chéile, agus ina fhear fásta dó, bhí sé ina dhuine sách sláintiúil. Thosaigh sé an imirt sacair san ollscoil (Ollscoil na Trionóide), agus rinne sé staidéar ar an stair, ar an litríocht agus ar an matamaitic. Tar éis tamaill, thosaigh sé ag obair don rialtas, ach ní raibh mórán suime aige sa chineál sin oibre. Mar sin, chuaigh sé le hiriseoireacht agus fuair sé post ag an nuachtán The Evening Mail.
Sa bhliain 1878, phós Stoker Florence Balcome, cailín a bhí ina banchara ag Oscar Wilde roimhe sin. Chuaigh siad go Londain, agus fuair Stoker post mar bhainisteoir sa Lyceum Theatre. Chaith Stoker cuid mhaith ama freisin ina chónaí i Whitby in iarthuaisceart na Sasana. Lonnaigh sé cuid mhór d’imeachtaí a úrscéil mhóir Dracula sa bhaile seo. Foilsíodh an leabhar sa bhliain 1897.
Craolfar clár faisnéise mar gheall ar Bram Stoker agus Dracula i Mí Dheireadh Fómhair 2011 (tagann an eolas a leanann ón nuachtáin GaelScéal).
Déanann an clár faisnéise seo cur síos ar shaol Bram Stoker, údar a rugadh i gCluain Tarbh i mBaile Átha Cliath in 1847 agus a bhain clú agus cáil amach ar fud an domhain as a leabhar cáiliúil ‘Dracula’.
Ach fainic! Muna bhfuil an leabhar léite agat nochtfar an scéal sa chlár seo. Insítear an scéal iomlán thart ar an gceathrú bealach tríd an gclár chun tuiscint níos fearr a thabhairt ar Stoker agus ar na háiteanna ina bhfuair sé a inspioráid. Sin a deir léiritheoir an chláir, Déaglán Ó Mocháin.
Deir Déaglán go rabhadar ag iarraidh an scéal a mhíniú do dhaoine nach bhfuil aon chur amach acu ar Dracula.
“B’fhéidir go mbeadh níos mó cur amach ag (an lucht féachana) ar ‘Twilight’ agus Robert Patterson ná Bram Stoker agus ‘Dracula’,” a deir sé.
Ní dóigh liom go raibh an scéal ar fad ag teastáil chun tuiscint cheart a fháil ar an bhfear uasal seo, áfach.
Tá cothrom céad bliain a bháis ag druidim linn an bhliain seo chugainn agus rinne Dearcán Media an clár seo chun ceiliúradh a dhéanamh air.
D’fhoilsigh Stoker ‘Dracula’ in 1897 nuair a bhí cónaí air i Londain. Cé go raibh roinnt gearrscéalta eile scríofa aige roimhe sin, is mó clú agus cáil a bhain sé amach as an scéal scanrúil seo ná aon ghearrscéal eile a bhí scríofa aige go dtí sin, ná ina dhiaidh.
Creidtear gur chaith Stoker thart ar 10 mbliana ag obair ar an leabhar agus ag déanamh taighde. Deirtear go bhfuair sé roinnt ainmneacha do na carachtair in ‘Dracula’ ó leaca uaighe i reiligí éagsúla.
Sa chéad dréacht den leabhar ‘The Un-Dead’ an teideal a bhí air, ach tamall gearr sula ndeachaigh sé i gcló d’athraigh Stoker go ‘Dracula’ é. Bhí deacrachtaí aige le hainm an príomhcharachtair freisin.
Bhí ‘An Cunta’ agus ‘An Cunta Vaimpír’ sa mheá. Míníonn an clár an saol óige a bhí ag Bram agus é tinn i gcónaí. Faighimid amach go raibh eipidéime calair ann agus máthair Bram ag fás aníos agus go n-insíodh sí scéalta faoi na laethanata sin dá clann.
Audio clip: Adobe Flash Player (version 9 or above) is required to play this audio clip. Download the latest version here. You also need to have JavaScript enabled in your browser.
Podchraoladh suimiúl mar gheall ar Bram Stoker agus Oscar Wilde agus an bhean a nascadh iad
Fuair Bram Stoker bás i Londain sa bhliain 1912.
Saothair

Úrscéalta
- The Primrose Path (1875)
- The Snake’s Pass (1890)
- The Watter’s Mou’ (1895)
- The Shoulder of Shasta (1895)
- Dracula (1897)
- Miss Betty (1898)
- The Mystery of the Sea (1902)
- The Jewel of Seven Stars (1903)
- The Man (aka: The Gates of Life) (1905)
- Lady Athlyne (1908)
- The Lady of the Shroud (1909)
- The Lair of the White Worm (1911)
Gearrscéalta bailithe
- Under the Sunset (1881), comprising eight fairy tales for children
- Snowbound: The Record of a Theatrical Touring Party (1908)
- Dracula’s Guest and Other Weird Stories (1914), published posthumously by Florence Stoker
Gearrscéalta neamhbhailithe
- “Bridal of Dead” (alternate ending to The Jewel of Seven Stars)
- “Buried Treasures”
- “The Chain of Destiny”
- “The Crystal Cup”
- “The Dualitists”; or “The Death Doom of the Double Born”
- “Lord Castleton Explains” (chapter 10 of The Fate of Fenella)
- “The Gombeen Man” (chapter 3 of The Snake’s Pass)
- “In the Valley of the Shadow”
- “The Man from Shorrox”
- “Midnight Tales”
- “The Red Stockade”
- “The Seer” (chapters 1 and 2 of The Mystery of the Sea)

Neamhfhicsean
- The Duties of Clerks of Petty Sessions in Ireland (1879)
- A Glimpse of America (1886)
- Personal Reminiscences of Henry Irving (1906)
- Famous Impostors (1910)
- Bram Stoker’s Notes for Dracula: A Facsimile Edition (2008) Bram Stoker Annotated and Transcribed by Robert Eighteen-Bisang and Elizabeth Miller, Foreword by Michael Barsanti. Toronto: McFarland. ISBN 978-0-7864-3410-7
Buíochas don Vicipéid do chuid mhaith den eolas seo.
Posted: 05:46 PM under Community.
Tags: Bram Stoker, dracula, Fairview, Suicides Plot
Comments
Pingback from Fairview-Marino.com » Fairview at DCC’s North Central Area Committee 2011
Time Friday January 6th, 2012 at 08:01 PM
[...] Bram Stoker and the underused park that the Crescent faces onto [...]
Ach fainic! Muna bhfuil an leabhar léite agat nochtfar an scéal sa chlár seo. Insítear an scéal iomlán thart ar an gceathrú bealach tríd an gclár chun tuiscint níos fearr a thabhairt ar Stoker agus ar na háiteanna ina bhfuair sé a inspioráid. Sin a deir léiritheoir an chláir, Déaglán Ó Mocháin.
Pingback from Fairview-Marino.com » FRA: Fairview 2014
Time Tuesday July 19th, 2011 at 05:34 PM
[...] for a statue of Bram Stoker near his home at the [...]